Cuntais Leithreasa
Soláthraíonn Dáil Éireann airgead le haghaidh ghnáthsheirbhísí na ranna agus na n-oifigí rialtais, idir airgead caipitil agus neamhchaipitil, trí mheastacháin a cheadú le haghaidh na seirbhísí sin i rith gach bliana, agus trí fheidhm reachtúil a thabhairt do na meastacháin san Acht Leithreasa bliantúil.
Ag deireadh gach bliana airgeadais, bíonn ar gach roinn agus oifig cuntas a ullmhú, ar a dtugtar an cuntas leithreasa, le haghaidh gach seirbhíse vótáilte atá á riar faoina cúram. Tá dualgas reachtúil ann sonraí an toraidh don bhliain i gcomparáid leis an méid a sholáthair Dáil Éireann, bunaithe ar shuimeanna airgid thirim na n-íocaíochtaí agus na bhfáltas, a chur ar fáil sa chuntas leithreasa.
Seo thíos na ranna éagsúla a dhéanann na cuntais leithreasa seo, agus tá sé de chúram ar an Oifig iad seo uile a iniúchadh.
| Talmhaíocht, Bia agus Mara | Oifig an Ard-Aighne |
| An Coimisiún Toghcháin | Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit |
| Pinsin an Airm | Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí |
| An Phríomh-Oifig Staidrimh | Oifig Phríomhoifigeach Faisnéise an Rialtais |
| Leanaí, Comhionannas, Míchumas, Lánpháirtíocht agus Óige | Oifig an Aire Airgeadais |
| An tSeirbhís Chúirteanna | Oifig an Ombudsman |
| An Coimisiún um Chosaint Sonraí | Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim |
| Cosaint | An tÚdarás Póilíneachta |
| Oideachas | Teaghlachas an Uachtaráin |
| Fiontar, Trádáil agus Fostaíocht | Príosúin |
| Comhshaol, Aeráid agus Cumarsáid | An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí |
| Gnóthaí Eachtracha | Caiteachais Phoiblí, Seacgadta ar an bPlean Náisiúnta agus Athchóirithe |
| Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht | Forbairt Tuaithe agus Pobail |
| Garda Síochána | Rúnseirbhís |
| Sláinte | Coimirce Shóisialach |
| Tithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht | An tSaotharlann Stáit |
| Comhar Idirnáisiúnta | Aoisliúntas agus Liúntas Scoir |
| Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas | Tailte Éireann |
| Dlí agus Ceart | Taoisigh |
| An Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte | An Coimisiún um Achomhairc Chánach |
| An Oifig um Sholáthar Rialtais | Tithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht |
| Oifig na nOibreacha Poiblí | Iompar |